An Geaitín
Mí na Bealtaine 2013
Comharchumann Ráth Chairn

rathcairn@eircom.net Fón: 046 9432381

Imeachtaí agus Ócáidí

Rothaíocht 'HIGH NELLY'
Dé Sat 4ú Bealtaine
Clárú 5.00 - Fágáil 6.00
ar mhaithe le Z.I.P. 2013
Ceol, Rince, Craic 'gus BBQ sa gClub ina dhiaidh.

Domhnach 5ú Bealtaine Éamonn & Michael - Áras Pobal Ráth Chairn
 
Satharn 11 Bealtaine Caitríona agus Pól Ó Ceannabháin

Oíche Oireachtais Ráth Chairn
Beidh Oíche Oireachtais Ráth Chairn ar siúl ar an Satharn 18 Bealtaine sa gClub.


Satharn 25ú Bealtaine John Beag Ó Flatharta- Áras Pobal Ráth Chairn

 

Turas Oibre go Zambia - Pádraig Ó Cuarraoin

Beidh Pádraig Ó Curraoin, mac le Gerard & Mary Uí Churraoin as Ráth Chairn chomh maith le 14 daltaí eile ó Phobal Scoil Chiaráin, Ceanannas,  chomh maith le 4 mhúinteoir & tuismitheoir amháin ag dul go Zambia ar an gCéadaoin, 22ú Bealtaine chun oibriú i scoileanna agus san ospidéal in áit darbh ainm Mazabuka. Beidh Pádraig i measc an triúr a bheidh ag obair i Scoil Mwanagalu  (píosa fada amach ón mbaile mór).  
 
Níl aon rud ag na gasúir thall i Mazabuka, ach tá siad ocrach don oideachas - go mór mhór na cailíní.
 
Is é an galar HIV/Aids is mó is cúis le bás na ndaoine amuigh ann agus tá an t-adh orthu má fheiceann siad 25/26 bliana d'aois.
Beidh an t-airgead ar fad atá á bhailiú ag dul díreach chuig na daoine féin & na ngasúr.

 
Oíche Oireachtais Ráth Chairn
Beidh Oíche Oireachtais Ráth Chairn ar siúl ar an Satharn 18 Bealtaine sa gClub. Déanfar ceiliúradh ar go leor de na daoine as Ráth Chairn a ghlac páirt i gcomórtais an Oireachtais thar na blianta. Beidh roinnt aíonna speisialta ann ar an oíche freisin. Na cailligí amach ar an oíche seo!
 
Ball Breaker Ráth Chairn
Beidh tús á chur le Ball Breaker Ráth Chairn seachtain ón Satharn, 11 Bealtaine, i mbliana. Má tá sé i gceist agat páirt a ghlacadh ann, déan cinnte go bhfuil tú cláraithe agus íochta roimh an Aoine 10 Bealtaine. Beidh liosta na gcluichí ar fáil ón gClub ón lá amárach ar aghaidh. Le haghaidh tuilleadh eolais cuirigí glaoch ar Jamie Ó Tuama ar 087 9505695.
 
Glór na nGael
 
Thionól breis agus 300 ionadaí agus baill de choistí Gaeilge ó fud fhad na tíre, agus thar lear, in Óstán Chaisleán Chluain Tarbh ag an deireadh seachtaine i gcomhair Bhronnadh Duaiseanna agus Boinn Ghlór na nGael do chomórtas 2012.
Ba é príomh-chainteoir na hoíche ná an tAire Sóisearach, Donncha Mac Fhionnlaoich TD. Bronnadh níos mó ná €145,000 i nduaiseanna ar choistí pobail, coistí scoile agus ollscoile agus ar chóistí ó Alba agus Stáit Aontaithe Meiriceá
 
Bhain Comharchumann Ráth Chairn amach an dara h-áit, €2,000, Bonn Óir a bhuachaint sa catagóir- Coiste gan cúnamh fostaíochta.  Urraithe ag Údarás na Gaeltachta                    
 
Sa gcatagóir Iar Ghaeltacht fuair Áth Buí le Gaeilge Bonn Cré Umha agus €2,000 
 

www.udar.ie  Seo siopa ar líne.  Leabhar/Cluichí ar fáil do gach aois grúpa. 
Tá Téacs Leabhar ar fáil ann freisin.
Buail isteach chugainn am ar bith, Oifigí Ghlór na nGael i Ráth Chairn, Luan go hAoine, nó  bí ag caint linn ar 046/9430974

 

Teach le díol i Ráth Chairn
Tá teach agus suíomhanna le díol i Ráth Chairn faoi láthair, is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Chomharchumann Ráth Chairn 046 9432068/9432381


Suíomhanna  Tí

Tá  trí shuíomh tí le díol ag Comharchumann Ráth Chairn faoi láthair.  Tá na  suíomhanna seo feiliúnach do dhaoine ar mhaith leo teach a thógáil sa nGaeltacht, cónaí ann agus a bheith páirteach i saol agus i gcultúr na Gaeltachta.

Teach le Ligean ar Cíos – 046 9432068

 

Leabharlann Ráth Chairn
Ar an 14ú Bealtaine mar cheiliúradh ar "Cruthaitheacht le Aois", chuid d'Fhéile Bhealtaine, beidh rang Ealaíon le Comhrá Gaeilge ar siúl ón 11.00rn-1.00in.
Ealaíontóir: Fiona Seoighe. Is gá d'ainm a chuir san aireamh don rang seo. 046 - 9430929

Léamh Dánta comh maith le Amhráin Gaeilge agus Bhéarla 7.30-8.30in
Má tá dán agat, beidh míle fáilte romhat é a rá ar an oíche agus mura bhfuil, beidh fáilte romhat theacht agus éisteacht.
Cupán tae. Míle fáilte roimh óg agus aosta

Ciorcal Comhrá Gaeilge don Gheimhridh- má tá suim agat bheith páirteach sa rang nó má tá tuairimí agat faoi aon rang eile ar mhaith leat a bheith ar bun, cuir scéal ag Treasa Uí Mháirtín

Uaireanta oscailte: Dé Máirt agus Déardaoin 2.00in-4.00 agus 6.30-8.30in
Dé Satharn 11.00rn-1.00in
Gach maidin Shathairn, bíonn Cluichí Boird agus Ealaíon ar siúl ón 11.30rn-12.30in

Is féidir taispeántas, mar shampla ealaíon, a chur i Leabharlann Ráth Chairn saor in aisce

 

Ranganna Damhsa ar an Sean-Nós do Dhaoine Óga agus do Dhaoine Fásta le Brídóg Ní Chonaire  
Beidh ranganna damhsa ar an sean-nós le Brídóg Ní Chonaire san Áras Pobal:
Céadaoine - Daoine Fásta  @ 8 - 9.00
Daoine Óga @ 6.30 gach Déardaoin
Glaoigh ar Bhrídeog ar 087 6237900 chun d'áit a chur in áirithe

 

Cóireáil Thlachtga -Tlachtga Treatments
Suathaireacht Iomlánaíoch Reifléacseolaíochta-Reflexology Holistic Massage.  Maura O'Donoghue, Baile an Bhaird, Áth Buí 086 343 01 63   
Tairiscint Speisialta - Sé sheisiún Reifléacseolaíochta ar phraghas chúig cinn.

 
Oilithreacht an Réalt go Cnoc Mhuire ar an nDomhnach 28ú Aibreán 2013
Príomh Cheiliúraí: An tAthair Séamus Ó hÉanaigh, SP. An Dealbhna Mór, Uachtarán Cumann na Sagart.

D'éirigh thar cionn le Cór Eaglasta Ráth Chairn ar an lá mór speisialta seo i gCnoc Mhuire i mbliana. Ba é seo an chéad uair a ndeachaigh an cór ag canadh ag searmanas dá leithéad agus bhí an sean-séipéal i gCnoc Mhuire lán go doras. Bhí go leor de mhuintir na Gaeltachta i láthair, daoine as Inis Meáin ina measc. Tuairim is tríocha duine ar fad as Ráth Chairin a thaisteal.
 

Ranganna Gaeilge
 Irish Language Classes
Scéim Pleanáil Teanga 2013

www.rathchairn.com Language Planning Scheme 2013


Teagmháil / Contact: :9432068 rathcairn@eircom.net

Scéim Pleanáil Teanga
Language Planning Scheme 2013

Leabhrán Nua: New Booklet:
Raising Bilingual Children in Ráth Chairn

Ag tógáil gasúr dhátheangach i Ráth Chairn

Féach anseo: Click here for Booklet.

Advice for parents on how to pass on our language successfully to their children.
Tá an Leabhrán Nua Foilsithe ar an idirlíon ag CCRC
This Important New Booklet is produced by CCRC and available on website: www.rathchairn.net

 

Údarás na Gaeltachta
Scoláireachtaí Printíseachta

Tá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint Scoláireachtaí Printíseachta gur fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad d'iarrthóirí le cáilíocht mar cheardaí a bhaint amach.

Ní mór d'iarrthóirí a bheith sé bliana déag d'aois ar a laghad agus na buncháilíochtaí seo a leanas a bheith acu:

Teastas Grúpa/Meánteastas/Teastas Sóisearach, le pas i gcúig ábhar nó a
chomhionann. (Tá matamaitic riachtanach i gcás printíseachtaí áirithe),

réamhchúrsa printíseachta atá aitheanta ag FÁS,

os cionn 25 bliain d'aois agus taithí aitheanta acu sa cheird le trí bliana.

 

Má tá spéis agat a bheith san iomaíocht do na scoláireachtaí seo, ba chóir duit d'ainm agus do sheoladh a líonadh sa spás thíos agus an duillín a sheoladh ar ais chuig:
An Rannóg Oiliúna & Oideachais,
Údarás na Gaeltachta,
Na Forbacha,
Co. na Gaillimhe

Roimh:   7/6/2013

AINM:_____________________________________________________

SEOLADH: _________________________________________________

                   __________________________________________________

                     __________________________________________________
 
DÁTA BREITHE:  ____/____/______­­­­­­__

UIMH. FÓN PÓCA:__________________________________________
                                                                       
UIMH. FÓN BAILE:__________________________________________

SEOLADH RÍOMHPHOST________________________________________

 

Nóta:  Beidh na hagallaimh ar siúl idir 17/6/2013 agus 19/7/2013

 

Coiste na mBailte Slachtmhara
An féidir leatsa cabhrú linn?
Déan teagmháil le / Please contact:- Francis Dan, Alan Ó hEadhra nó glaoigh ar Ann ar 9432381

Na Bailte Slachtmhara

Cuirfear fáilte roimh chúnamh ó dhaoine a bhfuil suim acu cabhrú linn le h-iarratas agus obair ullmhúcháin le haghaidh chomortas na mBailte Slachtmhara i mbliana.
Tugann Coiste na mBailte Slachtmhara cuireadh do mhuintir Ráth Chairn agus Laimbé theacht amach chun a gceantar a ghlanadh ar an Aoine, 10ú Bealtaine ag 7.00in.
Ní neart go cur le chéile!


 

Giom Ráth Chairn

Is féidir leat ballraíocht a thógáil sa Gíom (nó an t-ionad aclaíochta más maith leat) ag am ar bith agus tar éis seisiúin dul i dtaithí ar an trealamh le Domhnall beidh tú in ann oibriú leat ar du stuaim féin ag am atá feiliúnach duit féin.

 
Dífhibrileoir: 
Tá dífhibrileoir in Áras Phobal Ráth Chairn anois agus tá ochtar de mhuintir na háite oilte chun é a úsáid. 
 

U-Tubes Ráth Chairn

Tá 24 Físeán YouTube, Muintir na Gaeltachta seo a bhformhór curtha ar an suíomh idirlíon againn.–
Féach Ceol & Físeáin ar www.rathchairn.com   

Má tá tuilleadh físeáin agatsa, cuir chugainn iad le bhúr dtoil.
 
Cultúr na Gaeltachta - Is gearr go mbeidh John Beag linn arís - 25 Bealtaine

An Ladhrán Trá

Shiúil mé le mo ghrá bán síos le cois na trá,
Tráthnóinín aoibhinn aerach i ndeireadh an Aibreáin,
Bhí na huain go deas ag méileach is bhí ceol ag Ladhrán Trá,
Ach ba ghearr ina dhiaidh sin go mbeinnse i ndeoraíocht le fáil.

Ní maith liom bheith ag scarúint leat, a stór is a chuid den tsaol,
Tá m’intinn dhá réabadh le brón is le briseadh croí,
Níl fáil agam go bhfillfidh mé nó go dtaga an lá bán,
Ach cuimhneoidh mé ar mo stóirín is mé i ndeoraíocht le fáil.

Ansin sea tháinig impí sna súile ina ceann;
"Ná himigh uaimse a stóirín, ó fan liom cúpla lá,
Ansin gabhfaidh muid le chéile ar thóir an Ladhrán Trá,
Is beidh an bheirt a'ainn lena chéile i ndeoraíocht le fáil."

Ó d'fhág muid an baile ar maidin leis an lá,
Síos go barr na céibhe no gur thóg muid an bád bán,
D'fhág muid uain ag méileach is ceol ag Ladhrán Trá,
Le go mbeadh muid lena chéile i ndeoraíocht le fáil.