Naisc/Quicklinks
Pictíúr/Gallery

Nuachtlitir/Newsletter

AN GEAITÍN
CLICEÁIL ANSEO DON EAGRÁN IS DÉANAÍ
(Latest Edition)

An í an Ghaeilge do rogha teanga?

An í a labhraíonn tú le do chlann?

Más ‘Is í’ an freagra atá agat ar aon cheann de na ceisteanna sin

TITHE LE DÍOL I RÁTH CHAIRN– bí ag caint linne.

 

 

 

 

 

 

 

 

Conaí sa nGaeltacht

An Chéad Lá Oscailte eile- 3 Márta 2012. Bígí linn.

Tar chun cónaithe i nGaeltacht Ráth Chairn.
Ní neart go cur le chéile.


Déanaigí teagmháil linn.
Taispeánfar duit suíomhanna, tithe,
tithe atá le ligean, aonaid le haghaidh gnólachtaí bheaga srl.
Tabharfar ar thuras timpeall na Gaeltachta tú, ó bharr Chnoc Thlachta, timpeall Ráth Chairn, Laimbé agus Doire Longáin.
Taispeánfar duit na h-áiseanna uilig atá sa gceantar, Scoileanna, Áras Pobal agus go leor eile, Baile Átha Buí chomh maith.

Bígí linn - Tógaimis Pobal Gaelach anseo i Ráth Chairn.
Glaoigh orainne, Jamie 087 9505695, Simon 086 1533479 nó Ann 9432068.

Radharc ar an nGaeltacht ó bharr Thlachta - Cnoc na nDroithe


Teach le ligean ar cíos inniu i gceartlár na Gaeltachta i Ráth Chairn.
Teach le dhá sheomra leapa, cistin/seomra cónaithe, seomra folcaidh, halla agus cúlchistin ann. Tá sé in aice leis an séipéal agus le club/halla an cheantar agus leis an leabharlann. Níl ach siúlóid ghearr ón teach chuig an bhunscoil agus an mheánscoil. Teach nua-aimseartha le teas lárnach leictreach atá ann. Tá troscán agus gach áis nua-aimseartha ann freisin. Ar fáil láithreach. Gach eolas le fáil ó 046 9432381


Beidh Comharchumann Ráth Chairn ag reáchtáil laethanta eolais do dhaoine aonair, do theaghlaigh óga agus do lucht gnó a mbeadh suim acu lonnú i nGaeltacht Ghlas na Mí. Tabharfar turas dóibh siúd a mbeadh suim acu teacht chun cónaithe ann timpeall an cheantair agus taispeánfar dóibh na suíomhanna, na hoifigí agus na tithe atá ar díol agus ar fáil ar cíos ann. An oíche sin tabharfar caint dóibh ar stair Ráth Chairn agus gheobhaidh siad blaiseadh deas den chultúr Gaelach atá beo beathaíoch sa gceantar.
Beidh deis agaibh freastal ar Aifreann in Eaglais Chuimhneacháin Phádraig i Ráth Chairn ar a 10.15rn, maidin Domhnaigh más mian.

Cuirfear lóistín ar fáil do dhuine ar bith a mbeadh suim acu teacht ann. Má tá a thuilleadh eolais uait faoi seo déan teagmháil le Comharchumann Ráth Chairn ar 046 9432381, cuir ríomhphost chuig rathcairn@eircom.net , nó, tabhair cuairt ar Facebook Ráth Chairn.

 Suite 30 míle ó lár chathair Bhaile Átha Cliath, 10 míle ón Uaimh, 5 mhíle ó Bhaile Átha Troim, 3 mhíle ó Bhaile Átha Buí agus cúig mhíle ón N3 is ceantar an-lárnach Gaeltachta é Ráth Chairn a bheadh an-fheiliúnach do dhaoine atá ag tógáil a gcuid gasúr le Gaeilge nó do dhaoine ar mian leo a saoil a chaitheamh trí Ghaeilge. Is ceantar deas é Ráth Chairn ina bhfuil Áras Pobal, teach tábhairne – An bradán Feasa, Bunscoil, Meánscoil, Naíolann, Naíonra, Club Iarscoile, Club Óige, Páirc Peile, Ranganna Ceoil, Amhránaíocht is Damhsa agus go leor leor eile le fáil ann. Ceantar é freisin, dar ndóigh, ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha ann agus a bhfuil an cultúr agus na seantraidisiúin ghaelacha beo beathaíoch agus á gcleachtadh i gcónaí ann.

 

Tuilleadh eolais:  046 9432381  rathcairn@eircom.net 

An í an Ghaeilge do rogha teanga?
An í a labhrann tú sa teach?
An í a labhrann tú i do chuid oibre?
An í a labhrann tú le do chéile nó le do mhuintir?
An í a labhraíonn tú í le do chlann?

Tar chun cónaí i Ráth Chairn Glas na Mí


Tar chun cónaí i nGaeltacht Ráth Chairn

Má tá suim agat teacht chun cónaithe i Ráth Chairn Glas Gréine na Mí nó gnólacht a chur ar bun ann beidh lá agus oíche mhór eolais á heagrú ann ar an Satharn, 28 Eanáir 2012. Taispeánfar na suíomhanna, tithe, spásanna siopa is bialainne agus na spásanna oifige atá ar fáil dóibh siúd a thagann. Freisin, eagrófar caint ar stair Ráth Chairn agus oíche mhór talainne ar an oíche. Cuirfear lóistín ar fáil do éinne a mbeadh suim acu teacht ann. Má tá a thuilleadh eolais uait faoi seo déan teagmháil le Comharchumann Ráth Chairn ar 046 9432381, cuir ríomhphost chuig rathcairn@eircom.net, nó, cuir teachtaireacht phearsanta chuig facebook Ráth Chairn.

Suite 30 míle ó lár chathair Bhaile Átha Cliath, 10 míle ón Uaimh, 5 mhíle ó Bhaile Átha Troim, 3 mhíle ó Bhaile Átha Buí agus cúig mhíle ón N3 is ceantar an-lárnach Gaeltachta é Ráth Chairn a bheadh an-fheiliúnach do dhaoine atá ag tógáil a gcuid gasúr le Gaeilge nó do dhaoine ar mian leo a saoil a chaitheamh trí Ghaeilge. Is ceantar deas é Ráth Chairn ina bhfuil ionad pobail, spás siopa is bialainne, teach tábhairne, bunscoil, meánscoil, naíolann, naíonra, naíscoil, club iarscoile, club óige, páirc peile, ranganna ceoil, amhránaíocht is damhsa agus go leor leor eile le fáil ann. Ceantar é freisin, dar ndóigh, ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha ann agus a bhfuil an cultúr agus na seantraidisiúin ghaelacha fós beo beathaíoch agus á gcleachtadh i gcónaí ann.

Faoi lathair tá go leor suíomhanna (tá cead pleanála geallta le cuid acu) agus tithe ar díol ann agus tá neart tithe le fáil ar cíos ann. Freisin, tá roinnt spásanna oifige ann chomh maith le spás siopa agus bialainne – spásanna a bheadh an-fheiliúnach dóibh siúd a mbeadh suim acu gnólachtaí Gaeilge a chur ar bun!



 

Más ‘Is í’ an freagra atá agat ar aon cheann de na ceisteanna sin – bí ag caint linne.

Gaeltacht bheo bhríomhar í Ráth Chairn. Tá sí ag fás an t am ar fad de réir mar atá níos mó daoine le Gaeilge ag teacht chun cónaithe ann.

Timpeallacht tuaithe atá i Ráth Chairn. I measc na n áiseanna atá againn tá scoileanna, leabharlann phoiblí, séipéal, páirc peile, áras pobail, club, naíonra, agus seirbhísí comharchumainn. Tá Ráth Chairn 3 mhíle ó Bhaile Átha Buí, (féach www.athbui.com), 6 mhíle ó Bhaile Átha Troim, 10 mile ón Uaimh agus 33 ó Bhaile Átha Cliath. Tá seirbhís rialta bus go Baile Átha Cliath ag freastal ar an nGaeltacht.

Bíonn imeachtaí go leor ag dul ar aghaidh sa nGaeltacht seo: ceol, amhránaíocht, drámaíocht, seanchas, mar aon le ranganna oíche agus go leor eile. Bíonn dreamanna difriúla á n eagrú – féach Coistí ar an suíomh seo.

Ar mhaith leat cónaí i nGaeltacht Ráth Chairn? Dá mba mhaith, b’fhiú duit labhairt linn. B’fhéidir go mbeadh Comharchumann Ráth Chairn in ann cabhrú leat.

Ó ham go chéile, bíonn teach nó suíomh sa Ghaeltacht ar díol, nó ar fáil ar cíos. Amanna bíonn daoine ag iarraidh teacht ar roinnt. Má bhíonn, beidh a fhios againne é. (Féach an colún ar dheis anseo.)

Thaistil go leor eile an bóthar seo romhat ó tháinig muintir Chonamara anseo den chéad uair sa bhliain 1935. Ó shin i leith tá Gaeilgeoirí ó chuile cheard d’Éirinn i ndiaidh a theacht chun cónaí anseo, sa nGaeltacht beag álainn seo. An bhfuil suim agatsa ann? Ní gá duit ach teachtaireacht a chur chugainn rathcairn@eircom.net nó glaoch ar 046 94 32381


Céard tá ar fáil faoi láthair?

  • Tithe ar díol
  • Suíomh ar díol

Má tá suim agat in aon cheann de na nithe sin thuas, bí i dteagmháil leis an gChomharchumann ar 046 9432381

Ní ceantálaí é Comharchumann Ráth Chairn agus is féidir linn sibh a chur ar an eolas.